Sé Léas Dóchais do Phobal na Gaeilge
Sé Léas Dóchais do Phobal na Gaeilge Ní raibh sé chomh hiontach a bheith i do Ghael in Éirinn le cúpla seachtain anuas. Tháinig neart scéalta chun solais in achar beag ama de neamart an stáit is lucht cumhachta i leith na teanga agus lucht a labhartha; gach scéal ina chloichín ghortach ar charn mór na bhfeall a tógadh le breis is ceithre chéad bliain anuas. Ní gá ach cás an Dr. Fangzhe Qiu a lua, ar diúltaíodh dá iarratas saorántachta de bharr é a bheith déanta i nGaelainn, nó an litir a seoladh, go hearráideach a deirtear, chuig fostaithe i gcomhlacht Gaeltachta ag ordú dóibh Béarla amháin a labhairt. Ach éist, a léitheoir dhil, tá mo sháith faighte agam de scéalta éagóra is den gclamhsán. Ba mhaith liomsa inniu solas a chaitheamh ar na gnéithe sin a ardaíonn mo chroí, a thugann dóchas is misneach dom is a spreagann mé mar bhall de shaol agus de phobal na Gaelainne. 1) Turas Bóthair TG4 Táimse beannaithe gur fhás mé aníos le TG4. Mana seasamhach na múinteoirí scoile ar fead...