Sé Léas Dóchais do Phobal na Gaeilge
Sé Léas Dóchais do Phobal na Gaeilge Ní raibh sé chomh hiontach a bheith i do Ghael in Éirinn le cúpla seachtain anuas. Tháinig neart scéalta chun solais in achar beag ama de neamart an stáit is lucht cumhachta i leith na teanga agus lucht a labhartha; gach scéal ina chloichín ghortach ar charn mór na bhfeall a tógadh le breis is ceithre chéad bliain anuas. Ní gá ach cás an Dr. Fangzhe Qiu a lua, ar diúltaíodh dá iarratas saorántachta de bharr é a bheith déanta i nGaelainn, nó an litir a seoladh, go hearráideach a deirtear, chuig fostaithe i gcomhlacht Gaeltachta ag ordú dóibh Béarla amháin a labhairt. Ach éist, a léitheoir dhil, tá mo sháith faighte agam de scéalta éagóra is den gclamhsán. Ba mhaith liomsa inniu solas a chaitheamh ar na gnéithe sin a ardaíonn mo chroí, a thugann dóchas is misneach dom is a spreagann mé mar bhall de shaol agus de phobal na Gaelainne. 1) Turas Bóthair TG4 Táimse beannaithe gur fhás mé aníos le TG4. Mana seasamhach na múinteoirí scoile ar feadh mo shao