Irish Language and the Queer Experience: Dublin Fringe Festival 2021

Tá scéal suimiúil le hinseacht ag pobal aiteach na Gaeilge i Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath agus tá muid sa tóir ar lucht féachana!
 
Sa léiriú corraitheach úrnua Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (24-26/09/2021) béarfar an lucht féachana ar aistear gáire, damhsa is foghlama trí 30 bliain den mhothúchán aerach, trasna na farraige ó Éirinn go Sasana agus ar ais arís.
 
Sa scéal faoistiniúil a chloisfear in Idir Mise agus Craiceann do Chluaise cíorfaidh an tÉireannach aerach Alan Walpole cuimhní a shaoil go neamhbhalbh. Theith Alan ón duairceas a bhí ag brú ar an bpobal – agus an pobal aiteach go háirithe – in Éirinn sna 1980idí go dtí dathanna na gclubanna aeracha i Sasana. Sa tóir ar shaol níos fearr agus saoirse phearsanta a bhí sé ach i gcaitheamh a shaoil bhí sé scartha ina aigne idir an dá thír. D’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 2018, trí bliana tar éis an reifrinn um chomhionannas pósta. Níor aithin sé an tír a bhí roimhe amach ar theacht abhaile dó.
 
Tá an léiriú seo ar cheann den dá sheó a chuirfear ar siúl i nGaeilge mar chuid den Dublin Fringe Festival, mórfhéile amharclannaíochta i mBaile Átha Cliath, agus is iontach linn in AerachAiteachGaelach go mbeidh scéal LADTA+ i measc na scéalta a inseofar ag an bhféile. Minseach ainm an léirithe eile i nGaeilge.
 
Cé hiad na scéalta a roinnfidh Alan leat? Cad a iarrfaidh Alan ort a dhéanamh agus é istigh do chluas? An ndéanfaidh tú na rudaí a iarrfaidh sé ort?

Ceannaigh ticéad ar €15 (€13 le lascaine) agus faigh amach duit féin!

Is fada ó bhí an pobal in Éirinn in ann taitneamh a bhaint as dráma nach raibh ar an scáileán ach beidh Idir Mise agus Craiceann do Chluaise ar siúl ar an láthair 24-26 Meán Fómhair i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Rachaidh gach duine den lucht féachana tríd an seó leo féin agus glór Alan féin ina gcluas acu. Déanann an t-éisteoir corp don aisteoir ar bhealach agus glór Alan á stiúradh tríd an seó.

Cóireoidh AerachAiteachGaelach an Club mar a bheadh amharclann ann agus beidh suíomh gach cuimhne ar leith le feiceáil le go mbraithfidh an t-éisteoir go bhfuil siad tumtha go hiomlán i gcuimhne Alan. Is ag siúl trína chuimhne a bheidh tú, trí na laethanta duairce agus na laethanta sona i dtreo an lae atá inniu ann.

Tá rialacha dochta ag baint le léirithe uile Fringe i mbliana mar gheall ar Covid. Is gá do gach duine den lucht féachana agus den fhoireann masc a chaitheamh tríd síos agus beidh spásáil i gceist sa mhéid is go mbeidh gach duine ag dul tríd an léiriú leo féin agus an chéad duine eile 5 nóiméad taobh thiar díobh. Maireann an seó 25 nóiméad ar fhad ón am tosaigh ar do thicéad.

Is iad na filí Ciara Ní É (a mbeidh aithne ag daoine uirthi óna hoíche ilteangach filíochta REIC) agus Eoin Mc Evoy (a mbeidh cuimhne ag daoine ar a rap ‘Seo mo Spás’ i 2020) a chóirigh an script do Idir Mise agus Craiceann do Chluaise ach tá an script sin bunaithe ar scéal agus ráitis Alan féin, scéal a d'inis sé dóibh in agallaimh a chuir siad air.
 
Beidh fuaimrian ag gabháil le reacaireacht Alan le doimhneacht bhreise a chur leis an eispéaras don éisteoir agus is í an t-amhránaí draíochtúil Aoife Ní Mhórdha a bheidh i mbun na hamhránaíochta. Aithneoidh daoine glór Aoife ón amhrán álainn ‘Amhrán Dharlughdach’ a d’eisigh sí féin agus Ciara Ní É i 2021.
 
Beidh ealaín nua de chuid Thaidhg Uí Chiardha le feiceáil ag an léiriú agus é ag freagairt don script i mbealach cruthaitheach ildaite. Beidh cuimhne ag daoine ar Thadhg ó na hamhráin a chas sé mar chuid de Cheolchoirm AerachAiteachGaelach 2021 do Sheachtain na Gaeilge agus óna phíosaí ealaíne ‘Stair an Tnútháin in Éirinn’ a léiríodh mar chuid d’fhíseán ealaíne Bhród 2020 agus ‘Mná Árann’ a nocht sé ar líne i 2021.
 
Is léiriú de chuid an chomharghrúpa ealaíne LADTA+ AerachAiteachGaelach é Idir Mise agus Craiceann Do Chluaise agus tacaíocht fhlaithiúil ann dó ón eagraíocht chultúrtha Oireachtas na Gaeilge.
 
Ceannaigh do thicéad anois ag: Link.

Comments

Popular posts from this blog

LGBTQ Terminology in the Celtic Languages

Pride Month: Medieval Ireland

Learning Irish